Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
Bhí a athair mór Cónall Eoghainín (Cónall Nellie Eibhlín Aodh Ó Duibheannaigh) agus a mhac, John, ag obair ag leagain na ráille don traein agus ag réabadh carraigeacha. Ba i dtús an chéid a rinneadh an obair sin. | 00:03:49 | |
Obair an Earraigh - cuntas maith ar obair talamh. Ag rómhar an talamh le spád, dhá chineál oibre leis an spád – conlach le rómhar, an áit a raibh na preátaí le cur agus an domasach, an áit a raibh an coirce le cur. Bhí dhá chineál rómhair le déanamh. | 00:02:24 | |
Ag leasú an talaimh: obair leathaigh, scáth bhuí agus obair feamnaigh. | 00:02:52 | |
Na gléasanna / trealamh a bhí acu ag baint an fhómhair; speal ná corrán agus ag cur faobhair orthu leis an chloch fhaobhair. Bhí speal úr le casadh ar dtús. | 00:03:57 | |
Cur síos ar thógáil cruaiche: pionnán, bacán, sceimeall (an áit a thosaíonn an chruach ag teacht isteach ar bharr na cruaiche).
Draíóg mhullaigh: - sop féir a chuirtear ar bharr na cruaiche a stopann an fhearthainn ag dul síos fríd.
Fód feannóige a thugtar ar an fhód mullaigh ar bharr cruach na móna.
Maide Mullaigh: ar bharr díon tí.
Focail nach bhfuil mórán sa chaint níos mó, reiteall: - líne ná ‘track’ a bhaintí lé spád. | 00:08:45 | |
Cur síos ar a chuid ama i mBaile Átha Cliath. Obair thógála is mó a bhí John ach ba ghnách leis leoraí bhainne a thiomáint fosta thart fríd an chathair. D’oibrigh sé fosta i gClochar Bhan Rialta ag sábháil fómhar. Bhí cúpla fear eile ag obair ansin ina chuideachta. Cur síos ar an obair a rinne sé le linn an ama sin. | 00:09:15 | |